Trevor Baylis

Innealtóir is ceapadóir a rugadh i Londain, i Sasana ab ea Trevor Baylis (13 Bealtaine 1937-5 Márta 2018). Sa bhliain 1993 thosaigh sé ag saothrú raidió clogoibritheach tochrais a fhéadfar a úsáid in áiteanna iargúlta nach bhfuil cumhacht leictreach ar fáil ón líonra. Dineamó is bataire in-athluchtaithe atá mar fhoinse cumhachta, agus is féidir an bataire a athluchtú tríd an dineamó a thochras. Tá an t-earra seo ar an margadh ó 1996 agus éileamh air ar fud an Domhain. Cónaíonn Baylis ar Eel Pie Island in Abhainn na Tamaise gar do Londain. Tá an galar Crohn air. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Baylis, Trevor,', am iarratais: 0.02s Beachtaigh na torthaí
  1. 1